about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chicago, Scoil

click to view fullsize



Scoil Chicago

Tá scéal na h-ailtireachta nua-aoisigh ceangailte le h-ainm Chicago i SAM. Tugtar Scoil Chicago ar na forbairtí a tharla ann i dtógáil ilstóraigh le frámaí cruaiche tar éis dóitéan mór na bliana 1871 forbairtí lean ar aghaidh go dtí na 1920-idí. Tógadh an chéad ilstórach ar domhain ann sa bhliain 1885, an Home Insurance Building agus b'é William LeBaron Jenney a dhear é. Ar an drochuair leagadh sa bhliain 1931 é.

Tréithríonn frámaí cruaiche le cumhdach brící ar an taobh amuigh, fuinneoga móra agus fíorbheagán maisiúcháin stíl Scoil Chicago. Luaitear ainmneacha na n-ailtirí Louis Sullivan ar tháinig a thuimuitheoirí ó Éirinn, Daniel Burnham, Dankmar Adler, John Root, William Holabird agus eile leis an scoil.

An Pictiúr: Home Insurance Building, Chicago,

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint