about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chichimeic

click to view fullsize

Ainm ginearálta do chultúir éagsúla sa tréimhse réamhcholambasach i Meiriceá Láir. Bhíodh na sibhialtachtaí sin i Meiriceá Láir faoi ionsaí agus faoi bhrú ó dhaoine fiáine a bhíodh ag teacht amach ón ngaineamhlach a bhí ó thuaidh díobh. Síltear go dtagann an téarma Chichimeic ó Nahuatl, teanga na nAstach agus go tagann sé ó chichi, madra agus mecatl, téad, dá bhrí sin is rud éigin cosúil leis 'na daoine a itheann madraí' nó 'sliocht na madraí' is brí leis an ainm.

Tugtar Tréimhse na Chichimeic ar an tréimhse ó c. 950 A.D. go 1300 A.D. i. an tréimhse ó thurnamh na dTolteic go dtí éirí na nAstacach. Ba Chichimeic iad na nAstacaigh féin tráth dá raibh ach gur Chichimeic iad a ghlac le cultúr uirbeach na dTolteic.

Aithnítear ar a laghad dha bhuíon i measc na Chichimeic féin na Teo-Chichimeic nó fíor-Chichimec arbh fháiteallaithe agus sealgairí iad agus a bhíodh ina gconaí i bpluaiseanna agus na Tamime, boghadóiri a chleacht an churadóireacht agus a bhí socruithe síos. Chloígh dream éigean acu faoina gceannaire Xolotl (Arrachtach) cultúr na dTolteic timpeall na bliana 1200 A.D. Bhí ceannas acu ar a lán de Mheiriceá Lár ina dhiaidh sin go dtí éirí na nAstacach a chuir faoi chois iad.

Maireann a sliocht fós ach tá siad ag labhairt na Spáinnise anois cé go bhfuil thart 5,000 acu a labhraíonn a dteanga dúchais féin.

Catagóir: Sibhialtachtaí Réamhcholambasacha Mheiriceá

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint