about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Child, Alfred Ernest

click to view fullsize



Alfred Ernest Child (1875-1939)

Ealaíontóir agus ceardaí tábhachtach i ngloine dhaite a d'imir tionchar mór ar ealaín na gloine dhaite in Éirinn de bharr a shaothar agus ina ról mar oideachasóir.

Rugadh Alfred Ernest i Londain. Duine tréitheach a bhí ann ach ní leis an ealaín a ndeachaigh sé ar dtús ach le hobair oifige. Bhí sé soiléir tar éis tamaill gur chóra dó dul i dtreo eile agus bhain sé scoláireacht chun freastail ar an Goldsmiths Institute, áit ar fhoghlaim sé scileanna na gloine daite den chéad uair. D'imigh sé ar aghaidh lena staidéar sa Central School of Arts and Crafts ina dhiaidh sin, áit a raibh an ceardaí táscmhaire ghloine dhaite Christopher Whall (1849-1924) ina oide aige.

D'imigh Alfred Ernest ina dhiaidh sin ina chúntóir do Christopher Whall agus chabhraigh leis roinnt coimisiúin thábhachtacha a chur i gcrích, na fuinneoga in Ardeaglais Gloucester go mór mór. Tugadh post d'Alfred Ernest sa Dublin Metropolitan School of Art sa bhliain 1901 ar fhocal ó Christopher Whall agus trí idirghuí Edward Martyn (1859-1923). Chuir sé tús le rannóg ghloine dhaite ar bun sa scoil i dteannta Sarah Purser (1848-1943). Chuir an bheirt acu an comharchumann an Túr Gloine ar bun sa bhliain 1903 agus d'imigh Alfred Ernest ina bhainisteoir air.

Múinteoir éifeachtach a bhí ann agus bhí Harry Clarke (1889-1931) agus Michael Healy (1873-1941) ar na daltaí is táscmhaire a bhí aige.

Fuair Alfred Ernest a lán coimisiúin chomh maith mar bhall den Túr Gloine agus agus tá fuinneoga dá dhéantús le feiceáil i mBaile Locha Riach, Mainistir Laoise, , Baile an Tiobraid, Contae Laoise i gCill Chainnigh, Baile an Irbhinigh, Contae Fhear Manach, Baile Chaisleán Bhéarra agus in áiteanna eile abhus agus thar lear. Thaispeáin sé roinnt dhearaidh d'fhuinneoga sna blianta 1908 agus 1911 i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy.

Fuair sé bás ina theach féin ar an Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint