about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chine

click to view fullsize

Cineál de pháipéar síoda a tháinig ó tSín i dtosach báire mar a thugann an t-ainm féin le fios. Tháinig an páipéar seo isteach san Eoraip mar pháipéar beartán ar earraí de chuid na Síne sa seachtú céad déag. Baineadh feidhm as an bpáipéar síoda seo go gairid ina dhiaidh sin chun saothair ealaíne a dhéanamh.

Fuarthas go raibh a dhromchla fíneáilte an-oiriúnach do gach saghas clódóireachta agus bhí sé in ann a lán dúigh a shú isteach gan smearadh. Baineadh feidhm as an bpáipéar tanaí chun greanadóireachtaí agus eitseálacha a chló agus a cheangal i leabhar.

Toisc go raibh sé ró-thanaí lena chrochadh ba ghnáth clónna ann a cheangal le bián do pháipéar a bhí níos troime. Tugadh chine collés orthu. Tosaíodh ar chine a tháirgeadh san Eoraip tar éis 1817 ach d’éirigh sé gann tar éis 1950.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint