about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chinoiserie

click to view fullsize

Téarma Francach a chiallaíonn earraí i stíl na Síne. Tagraíonn sé do mhaisiúcháin Eorpacha a bhí bunaithe ar ghréis agus ealaíona na Síne. Ní raibh tuiscint chruinn ag ealaíontóirí na hEorpa ar ealaíona na Síne agus bíonn Chinoiserie meonúl míchruinn dá bharr.

Tháinig méadú ollmhór ar an dtrádáil leis an tSín sa seachtú agus ochtú céad déag agus ba ghearr go raibh tionchar Síneach le tabhairt faoi deara ar ghréithe criadóireachta san Eoraip. Faoi lár an ochtú céad bhí tóir ar mhaisiúcháin Síneacha ar gach cineál earra, troscán, táipéis agus dearadh intí.

Réitigh an stíl Rocócó go maith le maisiúchán Síneacha agus maisíodh seomraí iomlána le Chinoiserie, mar atá le feiceáil i Chantilly sa Fhrainc.

Is é Thomas Chippendale, déantúsóir troscán, is fearr a léiríonn an spéis i chinoiserie i Sasana, áit ar shroich an stíl a buaic sa tréimhse ó1750 go 1765. Tógadh an stíl chuig coilíneachtaí Shasana, go Meiriceá go mór mór, áit a shamhlaítear é le cathair Philadelphia go sonrach. Tháinig méadú arís ar an spéis in ealaíona na Síne agus na Seapáine ag deireadh an naoú céad déag nuair a bhí fáil ar shaothair bharantúla. D’imir an spéis úr seo tionchar ar Art Nouveau, Impriseanachas agus ar an Art Déco.

An Pictiúr: Pláta Deilft a rinneadh timpeall na bliana 1680

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint