about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Chippendale

click to view fullsize

Stíl chasta éicléicteach i ndéanamh troscán a lean pátrúin agus dearaí an chaibinéadaire agus dearthóir Thomas Chippendale (1718-79). D’fhoilsigh seisean a leabhar dearaí a thuill clú agus cáil dó ó shin, The Gentleman and Cabinetmaker’s Director sa bhliain 1754. Scaip seo a dhearaí i bhfad agus i gcéin in Impireacht na Beataine, i Meiriceá go mór mór.

Déantóir troscán den scoth a bhí i Chippendale ach bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir troscán a rinne sé féin ina cheardlann agus é siúd a rinne caibinéadairí eile in aithris air. Tréithríonn cliathshaoirsiú saothar Chippendale agus is iad an eiseamláir is fearr iad den Chinoiserie a raibh ráchairt air le linn stíl an Rocócó a bheith i réim i Sasana.

An Pictiúr: Sampla ó SAM de chathaoir sa Stíl Chippendale

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint