about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Churrigueresque

click to view fullsize

Churrigueresco sa Spáinnis. Stíl rabairneach ornáideach ach siméadrach tríd is tríd a fhaightear ar ailtireacht agus ar mhaisiúcháin. B’athbheochan ar an stíl Platersque í agus baineann sí le tréimhse an Bharóic agus faightear sa Spáinn, sa Phortaingéil agus i ndeisceart agus lár Mheiriceá í.

Tagann an téarma ó ainm an ailtire José Benito de Churriguera (1665-1725) ar dealbhóirí agus ina n-ailtirí a bhí ina theaghlach ar fad nach mór. Is cosúil áfach gur thosaigh an teaghlach amach sna míndána ag déanamh míreanna altóra.

Ba Joaquín de Churriguera (1674-1724) deartháir José Benito a rinne athbheochan ar an stíl Plateresque i dtosach báire ar fhoirgnimh ar nós an Colegio de Anaya a dhear sé i gcathair Salamanca. Lean deartháir eile, Alberto (1676-1750) ar aghaidh leis an stíl.

Is fearr a léiríonn saothair ailirí eile ar nós Narciso Tomé a dhear an Transparente (1721-32) Ardeaglais Toledo, an stíl a thionscain ná Muintir de Churriguera iad féin. Ailtirí dearscnaitheacha eile a chleacht an stíl is ea Luis de Arévalo agus Francisco Manuel Vásquez a dhear intíonna an tsacraistí eaglais an Cartuja Chathair Granada (1727-64). Leath an stíl go tapaidh chuig Coilíneachtaí na Spáinne san Oileán Úr agus lean sí ar aghaidh ag forbairt ansin. Ceapadh an Colún Churrigueresque ansin, colún a bhíonn níos leithne ag an mbarr ná ag an mbun. Luaitear Adeaglais Chathair Mheicsiceo (1718), Santa Prisca i gCathair Taxco (1758) agus San Martín i gcathair San Luis Potosí (1764) mar sháreiseamláirí den stíl Churrigueresque in Mexico.

An Pictiúr: Mír Altóra sa Transparente (1721-32) Ardeaglais Toledo na Spáinne

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint