about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ciment Fondu

click to view fullsize

Téarma Fraincise a thagraíonn do stroighin alúmanach mínghráinneach. Tá sí éagsúlach ó ghnáthstroighin sa mhéad is go mbíonn sí stálaithe taobh istigh de lá. Tá Ciment Fondu mín, ní chrapann agus ní chnagann sí, bíonn sí teasdíonach agus láidir agus éadrom ag an am céanna. Sin an fáth a mbíonn cion faoi leith ag dealbhóirí uirthi chun dealbha a theiligin inti.

Is féidir í a mhúnlú ar chreatlach agus is féidir bailchríoch éagsúla a chur uirthi mar shampla trí deannach marmair a chur leis an gciseal deireannach.

Thug ceimiceoirí Franacha faoi deara ag deireadh an naoú céad déag go raibh bail an-mhaith ar stroighin de chuid na Rómhánach i ndiaidh tréimhse dhá mhíle bliain. Fuair siad amach go raibh ráta ard báicsít ann. Rinne siad Ciment Fondu don fhoirmle céanna.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint