about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cinsealacht sa Bhreatain

click to view fullsize



Ealaíontóirí na Cinsealachta sa Bhreatain

D’éirigh leis an gCoilíneacht Shasanach in Éirinn gach gné agus gach foras agus beagnach gach déantán fiú, de chuid an chultúir dúchasach a dhíothú. Ba mhian leis an gCinsealacht ‘Sacsa Nua darb ainm di Éire’ a chruthú dóibh féin agus d’iompaigh siad i dtreo a máthairthír Sasana chun é sin a bhaint amach. Thóg siad ealaíontóirí agus ailtirí anonn ó Shasana chun é seo a chur i gcrích agus tosaíodh ar an gCamchuairt Éireannach. Leis na Sasanaigh ó Shasana féin ag fáil na coimisiúin is mó agus is fearr afách ní raibh an dara suí sa bhuaile ag ealaíontóirí agus ailtirí na Cinsealacht féin ach dul anonn go Sasana ar thóir oibre.

Bhí ról fíorthábhachtach ag ealaíontóirí na Cinsealachta i Sasana. Ghlac siad seasamh náisiúnaíoch Sasanach agus chuidigh siad go mór le gné Sasanach na n-ealaíona a chur chun cinn os comhair tionchar ealaíontóirí na Mór-Roinne.

D’imigh Hugh Howard (1675-1738) ó Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1688 go Sasana. D’imigh Charles Jervas (1675-1739) go Londain agus chríochnaigh sé ansin mar phríomhphéintéir an Rí. Bhí Martin Archer Shee (1769-1850) ar cosúil go raibh cúlra Caitliceach aige ina uachtarán ar an Royal Academy of Arts sa bhliain 1830. Bhí an péintéir Matthew William Peters ina séiplíneach don acadamh sin tar éis a bheith oirnithe san Eaglais bhunaithe.

Is liosta ollmhór iad líon ealaíontóirí na Cinsealachta a lonnaigh i Sasana agus is fiú ainmneacha Daniel MacLise mac saighdiúra Albanaigh a rugadh i gCorcaí, Nathaniel Hone Sinsearach (1718-84) agus Frederick Burton a lua. Bhí dhá dhream ar a líon chomh maith a rinne obair chéimiúil ar son ealaíona Shasana b’in iad Buíon Bhaile Átha Cliath a phléigh le clóbhualadh meisitinte agus iad siúd a bhí ag plé le mionphéintéireacht.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint