about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Ciumhaischrua

click to view fullsize

Maítear gurb é Jules Langsner an criticeor, a bhí lonnaithe i gcathair Los Angeles sa bhliain 1958 ag an am a chum an téarma ciumhaischrua chun saothar cheathrar ealaíontóirí áitiúla a thréithriú.

Is iad Frederick Hammersley (1919- ), Karl Benjamin (1925- ), Lorser Feitelson (1898-1978) agus John McLaughlin (1898-1976) an ceathrar a raibh a saothar i gceist aige agus thug siad Four Abstract Classicists orthu féin agus ar a dtaispeántas. Tógadh an taispeántas acu chuig Los Angeles, Londain Shasana agus Béal Feirste ina dhiaidh sin.

Chleacht siad péintéireacht theibí gheoiméadrach neamhphearsanta a bhain feidhm as réimsí cláracha datha a raibh ciumhais chrua orthu agus nach ndeachaidh isteach ar a chéile. Cur suas don Eispriseanachas Teibí a bhí ann agus bhí sé ag tarraingt ó shaothar ealaíontóirí Eorpacha ar nós Josef Albers (1888-1976) agus Piet Mondrian (1872-1944) agus bhí an phéintéireacht dathréimse ar a chúl chomh maith.

I measc eiseamláirí chiumhaischrua bhí Al Held (1928-2005), Alexander Liberman (1912- ), Brice Marden (1938- ), Kenneth Noland (1924- ), Ad Reinhardt (1913-67), Frank Stella (1936- ), Jack Youngerman (1926- ) agus Ellsworth Kelly (1923-) go mór mór. Abhus anseo phléigh Cecil King (1921-86) le stíl íosta chiumhaischrua agus ar ollscála go minic.

Is féidir leas a bhaint as ciumhaischrua mar théarma ginearálta i leith tréithe an Ghlaineachas, an Tógálachais agus an Chiúbaréalachas.

An Pictiúr: Pictiúr ciumhaischrua ó láimh Ellsworth Kelly

Catagóir: Gluaiseachtaí agus fealsúnachtaí ealaíne sa Nua-aois

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint