about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Clarke, Harry

click to view fullsize



Henry Patrick (Harry) Clarke (1889-1931)

Ceardaí i ngloine dhaite, maisitheoir agus péintéir a áirítear mar mhórealaíontóir Siombalach na hÉireann. Rugadh i mBaile Átha Cliath é. Sasanach a bhí ina athair Joshua Clark (1858-1921) a tháinig anall in aois a hocht mbliana déag d’aois, a d’iompaigh ina Chaitliceach agus a phós bean as Sligeach. Chuir Joshua Clark an cheardlann ghloine dhaite agus maisiú eaglaise J. Clarke and Sons, ar bun sa chathair. Fuair Bridget MacGonigle máthair Harry bás sa bhliain 1903 den eitinn agus d’fhág Harry an scoil. Buachaill leochaileach a bhí ann riamh agus bheadh na fadhbanna céanna sláinte aige agus a bhí ag a mháthair.

Chuaigh sé ag obair sa bhliain 1904 d’ailtire a mhol dó dul leis an ngloine dhaite. Rinneadh printíseach de Harry sa bhliain 1905 i ngnó a athar nuair a bhí sé sé bhliana déag d’aois agus thosaigh sé ag freastail ar ranganna oíche san Metropolitan School of Art, áit a raibh A.E. Child mar oide aige. Thaithíodh sé ceardlann gloine a athar roimhe sin agus bhí sé eolgaiseach cheana féin ar shaothrú píosaí ghloine dhaite.

Chaith sé dhá nó trí mhíosa i Sasana sa bhliain 1906 ag cuartú poist i gceardlann ghloine ach níor éirigh leis. Thapaigh sé an deis ar aon nós agus é i Londain chun freastal ar ranganna i South Kensington School of design (an Royal College of Art anois) a raibh ceardlann ghloine dhaite ann sular fhill sé ar ais ar a shaol i mBaile Átha Cliath. Thug sé cuairt eile ar Shasana sa bhliain 1907.

Thug sé cuairt ar Inis Iar sna hOileáin Árainn i samhradh na bliana 1909. Thaitin sin chomh mór leis gur chaith sé gach samhradh go dtí an bhliain 1915 ar saoire inti. Ní dhearna sé aon siléig ina chuid oibre áfach, fuair sé roinnt coimisiúin do mhaisiúcháin leabhar agus ghlac sé páirt i dtaispeántais an Arts and Crafts Society of Ireland agus i dtaispeántas bhliantúil an R.D.S. sa bhliain 1910. Ghnóthaigh sé scoláireacht ón Metropolitan School of Art don bhliain staidéir 1910-1911, rud a thug ar a chumas dó bheith ina mhac léinn lán-aimseartha. Chuir sé isteach ar an South Kensington National Competition le linn dó bheith ina mhac léinn agus bhuaigh sé an bonn óir na mblianta 1911, 1912 agus 1913. Sa bhliain 1912 bhí a shaothar i dtaispeántas in Dresden na Gearmáine.

D’imigh Harry chuig Londain sa bhliain 1913 agus d’oscail stiúideo sa chathair sin. Rinne sé léaráidí d’eagráin de leabhar filíochta The Rape of the Lock le Alexander Pope (1913) agus The Rime of the Ancient Mariner le Coleridge (1913). Mhaisigh sé an leabhar Hans Christian Anderson's Fairy Tales (1916). Rinne sé na maisiúcháin d’ocht leabhar ar fad ina ghníomhréim; Tales of Mystery and Imagination, Poe, (1919). The Years at the Spring, Lettice D'O Walters, (1920), Fairy Tales of Perrault, (1920), Faust, Goethe, (1925) agus Selected Poems, Swinburne, (1928) an chuid eile díobh. Tá tionchar Aubrey Beardsley soiléir ar a chuid léaráidí.

Ghnóthaigh Harry sparántacht sa bhliain 1914 a thug ar a chumas dó taistil chuig Páras agus Chartres chun na fuinneoga ghloine dhaite thall a fheiceáil. Rinne siad stangaire de. D’éirigh sé tinn sa Fhrainc agus d’fhill ar Londain ar feadh tamaillín. D’fhill sé ar an bhFrainc nuair a tháinig biseach air agus ghlac páirt i dtaispeántas sa Louvre. Phós sé Margaret Crilly, a bhí san Metropolitan School of Art ag an am céanna leis sa bhliain chéanna 1914.

Bhí a theist ag méadú an t-am ar fad agus bhí sé ag triall teicníocht nua líníochta le h-aigéad ar ghloine daite. Chruthaigh an t-aigéad gal agus níor chuidigh seo lena scámhóga nach raibh ró-láidir cheana. I dteannta na gcoimisiúin do léaráidí sa bhliain 1915 fuair sé coimisiún chun dhá fhuinneog déag a dhéanamh do Shéipéal Uí hEoghanáin in Ollscoil Chorcaí. Fuair Sarah Purser ón Túr Gloine coimisiún chun ocht bhfuinneog a dhéanamh don séipéal céanna. Rinne Harry na fuinneoga idir na blianta 1915 agus 1917 agus thuill siad gnaoi an phobail ar an toirt, áirítear mar shárshaothair iad go minic. Fíoracha rite lánlínithe, dathanna spiagacha ag lonrú ó chúlra dorcha a chruthaíonn éifeachtaí seodóireachta a thréithríonn a stíl i ngloine daite. Lena a ainm in airde dhéanfadh sé os cionn daichead fuinneog ghloine daite ina ghníomhréim agus is iad na cinn a rinne sé do Chlochar na Toirbhirte, an Daingean (1922), d’Eaglais Bhaile an Róba (1924), d’Eaglais Bhaile an Chaisleáin i gCorcaigh.

Rinne sé coimisiúin i ngloine daite i Sasana don chéad uair sa bhliain 1920, san Astráil sa bhliain 1923 agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1929. Thosaigh sé ag teagasc san Metropolitan School of Art sa bhliain 1918 agus d’fhan sé sa phost ansin go dtí an bhliain 1923. Theagasc sé Norah McGuiness (1903-80) agus thug cabhair di.

Fuair Joshua athair Harry bás sa bhliain 1921 agus thit cúraim chomhlacht a athar air i dteannta a cheardlann féin. Ghoill an brú oibre ar a shláinte a bhí ag dul in olcas an t-am ar fad. Cóimeáil spéisúil dá shaothar mar mhaisitheoir leabhar agus mar cheardaí ghloine daite is ea an saothar The Eve of Saint Agnes (Dublin City Gallery The Hugh Lane). Fuinneog ghloine daite atá ann a léiríonn i ndá chuid agus dhá phainéal agus fiche, an dán de chuid John Keats The Eve of Saint Agnes. Bhí sé ag obair ar an bhfuinneog sna blianta 1923 agus 1924. Thaispeáin sé an saothar san Aonach Tailteann na bliana 1924 agus bhuaigh sé an comhramh óir agus trí bhonn airgid thar a chionn.

Agus a ainm in airde go hidirnáisiúnta thug an Rialtas coimisiún dó chun Fuinneog na Geinéive a dhéanamh sa bhliain 1926. Bhí an fhuinneog chun dul isteach in áras an International Labour Organisation i Ginéiv na hEilbhéise. Is éard a bhí san fhuinneog ná sraith de thrí phainéal déag ag léiriú imeachtaí tógtha ó leabhair scríbhneoirí Éireannacha na linne ar nós AE, Liam O’Flaherty, James Stephens, Synge, William Butler Yeats agus araile. Bhí na scríbhneoirí sásta go maith leis an bhfuinneog nuair a taispeánadh é ina stiúideo ach bhí an pobal náirithe leis na radharcanna de mheisce agus de chollaíocht. Ghlac an Rialtas scanradh agus tharraing siar an coimisiún. Níor cailleadh an fhuinneog, bhí sí san Dublin City Gallery The Hugh Lane ar feadh i bhfad sular díoladh í leis an Wolfson Initiative i Miami Florida. Bhí ar a bhean Margaret na táillí a aisíoc leis an Rialtas tar éis bháis Harry. Bhí gnó a athar ag cailliúint airgid agus scoireadh é sa bhliain 1930.

Sábháladh an ceardlann ghloine daite agus tugadh Harry Clarke Stained Glass Studio air. Bhí sláinte Harry ag dul in olcas an t-am ar fad agus chuaigh sé chun cónaithe i Pau, i nDeisceart na Fraince ar feadh tamall de mhíonna. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath tar éis dá dheartháir Walter a bhí ag tabhairt aire don ghnó bás i Mí Iúil. Chuaigh Harry chuig teach téarnaimh iar sin i Davos na hEilbhéise agus fuair sé bás ansin i dtús na bliana 1931 i sráidbhaile Coire.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint