about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Clasaiceas

click to view fullsize

Téarma atá díorthaithe ó classicus a chiallaíonn bainteach le huasalaicme na Róimhe. Tagraíonn an téarma i dtosach d’ealaíona agus d’aeistéitic na Gréige agus na Róimhe i gcoitinne. Ina dhiaidh sin tagraíonn sé do bheith ag dréim le healaín na Sean-ghréagach nó na Sean-rómhánach sna athbheochana éagsúla a rinneadh ar a gcuid ealaíon. Is ionann Clasaiceas agus Nua-Chlasaiceas sa chiall seo.

Cuirtear i bhfrithshuíomh leis an Rómánsachas agus leis an Eispriseanachas é. Sár-eiseamláir de stíl nó d’aois ar bith is brí leis anois chomh maith. Uaireanta ciallaíonn sé stíl ar bith, neamhfhíortha fiú ina mbíonn buanna na healaíne clasaicí le sonrú air, ealaín a bhíonn ag dréim le dínit, cothromaíocht mhothúchánach agus soiléireacht ina struchtúr a chuireann béim ar an aontacht, ar an bhfoirm, ar chomhréir agus ar siméadracht.

Tosaíonn an Nua-Chlasaiceas san eoraip leis an Atbheochan Chairilínseach. Áirítear an Renaissance (an Quattrocentro) agus saothar Michelangelo Buonarotti (1475-1564), Raphael (Raffaello Sanzio) (1483-1520), Correggio (1494-1534), agus Andrea Mantegna (1431-1506) i measc iliomad ealaíontóirí eile mar bhuaic na gluaiseachta seo.

Spreagadh an Nua-Chlasaiceas arís nuair a fionnaíodh fothracha Pompeii, Herculaneum agus Stabiae sa bhliain 1748 a thug spreagadh an-mhór don Nua-Chlasaiceas bheith níos dílse do na heiseamláirí Clasaiceacha. Mhair an Nua-Chlasaiceas isteach san fhichiú céad agus níl deireadh lena thionchar fós.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint