about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cloch

click to view fullsize

An t-ábhar crua dlúth mianrach neamhorgánach as a mbíonn carraigeacha déanta agus nach miotal é. Áirítear go bunúsach trí chineál carraigeacha a bheith ann de ghnáth; carraig dhríodair, bruthcharraig agus carraig chlaochlaithe. Bíonn ráchairt níos mó ar chlocha dríodair ar nós gaineamhchloch in ealaín na dealbhóireachta.

Tá buaine ar leith ag baint le cloch. Tá dealbha cloiche ar na saothair ealaíne is sine atá ar marthain. Tá an ‘Véineas Willendorf’ deilbhín chloch aoil d’fhíor baineann atá 4.5 ceintiméadar ar airde ar an gceann is táscmhaire díobh seo. Fuarthas san Ostair Íochtarach í agus tagann sí ón tréimhse thart ar 21,000 R.Ch. Tá go leor saothair ealaíne cloiche againn in Éirinn a rinne na chéad áitritheoirí.

Is í an chloch cholbha shnoite maisithe le dearaí bíse agus muileata ar an mbealach isteach go dtí an tuama i Sí an Bhrú, Co. na Mí an ceann is táscmhaire díobh uile. Baineann sí leis an Ré Neoiliteach c.3,000 R.Ch. Baineadh feidhm as piocadh cloiche mar teicníocht rud a fhágann cuma mionbhreactha ar an saothar.

Cloch chultais snoite atá sa chloch ó Tuar Rua Co. na Gaillimhe i Stíl La Téne a bhaineann le c.250 –150 R.Ch. Leanadh ar ndóigh le saothrú na cloiche in Éirinn agus is fiú na hardchrosa a lua mar shaothair dearscnaitheacha i gcloch. Tá cáil ar aolchloch chrua na hÉireann mar cheann de na hábhair snoíodóireachta is fearr ar domhain.

An Pictiúr: An Chloch Cholbha, Sí an Bhrú, Co. na Mí

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint