about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cloigtheach

click to view fullsize

Túr ard le bonn-chló cruinn agus le díon cónúil air a thréithríonn ailtireacht Chríostaí na hÉireann sa luaththréimhse.

Bhíodh an cloigtheach ina shaorsheasamh gar don eaglais ach ní bhíodh sé ceangailte leis de ghnáth, rud a thréithríonn an campanile Iodálach chomh maith. Nuair a bhíonn siad ceangailte leis an séipéal bíonn siad i bhfad níos lú mar atá sna samplaí i dTeampall Chaoimhín i nGleann Dá Loch agus i dTeampall Finghin i gCluain Mhic Nóis.

Tá os cionn céad cloigtheach ar marthain agus riocht maith ar fhiche cheann acu. Bíonn an doras idir 6 go 10 troigh os cionn leibhéal na talún uaireanta rud a thug le fios do dhaoine áirithe go raibh feidhm dídine acu.

Tá an doras i gcloigtheach Chill Mhac Dua 30 troigh os cionn talúin. Tá a lán de na cloigthithe os cionn 100 troigh ar airde. Bhí suas le 6 stór iontu agus urlár adhmaid eatarthu agus bhí na fuinneoga, ceann i ngach stór ag breathnú i dtreonna éagsúla.

Thosaigh na Lochlannaigh ag creachadh mhainisteacha na hÉireann faoi 795 A.D. ach tharla faoiseamh 40 bliain ina ruathar 875-915 A.D., is cosúil gur tosaíodh ar cloigthithe a thógail a chéad uair le linn na tréimhse seo agus leanadh á dtógáil go dtí an dara céad déag.

Ní raibh baint ar bith acu le dídean nó cosaint áfach d’ainneoin na tuairimíochta a bhí ar siúl ar feadh níos mó ná céad bliain. Bhí a feidhm ag teacht díreach leis an ainm Gaeilge orthu.

Grianghraf: An Cloigtheach, Gleann Dá Loch. An Pictiúr le Caoinchead Michael Byrne, Dún Laoghaire


Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint