about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cluain Fearta, Bantiarna

click to view fullsize



Bantiarna Chluain Fearta

Dealbh pholacrómatach adhmaid sa lántimpeall ón gceathrú céad déag. Mhair an dealbh go míorúilteach agus tá sí anois arna caomhnú i Séipéal Caitliceach Cluain Fearta. Bhain an dealbh le hArdeaglais Chluain Fearta nó le ceann de na séipéil thart uirthi sa tréimhse roimh an Reifirméisean.

Is cosúil gur tógadh an dealbh ón séipéal ina raibh sí lonnaithe nuair a bhí siad á scriosadh ag na Gaill agus gur cuireadh i bhfolach i gcrann í. D’fhan sí i bhfolach ansin ar feadh trí chéad bliain go dtí an naoú céad déag. Bhí feirmeoir ag iarraidh an seanchrainn a ghearradh. Le linn dó bheith ag obair air chonaic sé rud éigean cosúil le fuil. Nuair a d’fhéach sé níos cruinne sa chrann chonaic sé an dealbh inti. Ar an drochuair bhí sé tar éis an ghéag dheas a bhaint di de thimpiste.

Ní raibh caoi ró-mhaith ar an ndealbh agus bhí cuid di ag lobhadh. Tógadh an dealbh isteach i Séipéal Mílic agus tuairiscítear go mbíodh an dealbh ag casadh dá deoin féin i dtreo Chluain Fearta. Tógadh chuig Séipéal Chluain Fearta, Eaglais Bhreandáin í agus tá ann ó shin.

Rinne Ard-Mhúsaem na hÉireann athchóiriú ar an ndealbh sa bhliain 1949. Dealbh pholachrómach den Mhaighdean agus an leanbh Íosa á hiompar aici ina láimh dheas atá inti. Tá an Naí Naofa ag súgradh lena trilsí. Is díol suntais í an aghaidh chineálta atá ar an maighdean.

Is cosúil go mbíodh scoil áitiúil dhealbhóireacht adhmaid ag feidhmiú i gCeantar na Sionainne ón dóú céad déag go dtí an séú céad déag. Tá Bantiarna Chluain Fearta ar cheann de ghlac beag dealbh de shaothar na scoile ar nós An Bantiarna Dubh agus Madonna Chill Chorbáin a mhaireann fós.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint