about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Coillte an Oirthir, Meirindiaigh

click to view fullsize



Meirindiaigh Choillte an Oirthir

Cultúrlimistéar Meirindiach a chuimsíonn Iarthar SAM agus Ceanada, ó Ontario soir don Atlantach agus ó dheas go North Carolina.

Sealgairí, iascairí agus fáiteallaithe a bhí sna ciní sa cheantar i dtosach. Faoi thionchar na gcultúr réamhcholambasacha i Lár-Mheiriceá thosaigh siad ag cur squais agus ag saothrú plandaí eile de chuid na háite. Ó c.200 R.Ch ar aghaidh thosaigh siad ag tógáil tulaigh os cionn tuamaí a d’fheidhmigh mar lárionaid deasghnátha chomh maith.

Tháinig cultúr nua chun cinn sa chuid Iartharach den chultúrlimistéar c. 750 A.D. Tugann na seandálaithe Cultúr Mississippi air agus macasamhail cultúir réamhcholambasacha i Lár-Mheiriceá bhí sé bunaithe ar dhianshaothrú an arbhair indiaigh. Mhair na daoine i mbailte móra agus bhí mar shampla daonra de c. 20,000 i gcathair Cahokia. Thréithrigh ardáin cré na cathracha ar a raibh teampaill agus tithe na n-uasal tógtha.

D’éirigh dianshaothrú an arbhair indiach forleathan nós a thug na hEorpaigh a lonnaigh sa cheantar anonn. Thit na cultúir Mheirindiacha sa limistéar as a chéile nuair a scrios ionsaithe agus galair a tháinig leis na hEorpaigh an chuid is mó dá mhuintir. D’éirigh le corrbhuíon teitheadh siar chun na machairí. Bhí na Sioux, Cheyenne agus Arapaho orthu siúd.

Ar na ciní a mhair sa limistéar seo bhí na Iroquois, na Delaware, na Micmac, na Narragansett, na Shawnee, Potawatomi, na Menominee agus na Illinois.

Catagóir: Ealaíona agus Cultúir Mheirindiacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint