about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Collie, George

click to view fullsize



George Collie, (1904-75)

Péintéir portráidí, roinnt pictiúr seánra agus téamaí reiligiúnda. Oideachasóir a bhí ann chomh maith.

Rugadh George Collie i gCarraig Mhachaire Rois ach tógadh i mBaile Átha Cliath é. Cuireadh scolaíocht air sna Cuithí Dubha i gCo. Bhaile Átha Cliath. Oileadh sna healaíona é san Metropolitan School of Art, áit ar tháinig sé faoi anáil réalachais shóisialiaigh Sheáin Keating (1889-1977) agus Patrick Tuohy (1894-1930). Taobh amuigh dá chomhaimsirigh bhí meas mór aige ar shaothar Diego Velázquez (1599-1660).

Thaispeáin sé leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1922 agus bhí baint aige leis an chuid eile dá shaoil. Rinneadh fo-bhall den acadamh sa bhliain 1933.

Bhuaigh George Sparántacht Taylor na bliana 1927. Thaistil sé chuig Páras ar an sparántacht agus rinne staidéar san Academie Colarossie agus sa Grande Chaumière ann. D’imigh sé chuig Londain ina dhiaidh sin agus d'fhreastail ar an Royal College of Arts.

Ar ais in Éirinn dó sa bhliain 1930 chuir sé stiúideo dá chuid féin ar bun i mBaile Átha Cliath agus fostaíodh mar theagascóir é sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne. Chuir sé scoil phéintéireachta dá chuid féin ar bun sa bhliain 1938 agus d'éirigh as an gColáiste Náisiúnta Ealaíne. Chaith George tríocha bliain ag teagasc as a stuaim féin ann.

Portráidí is mó a chleacht sé. Rinne sé portráid Éamann de Valera, Liam Cosgrave, Cairdinéal d’Alton, an Cúnta George Noble Plunkett agus Thomas McGreevy mar shampla. Ní raibh a shaothar teoranta do phortráidí áfach agus phéinteáil sé Slí na Croise don séipéal i gCoill an Chollaigh, Co. an Chabháin. Phéinteáil sé radharcanna de théamaí reiligiúnda agus seánra chomh maith. Taispeánadh a shaothar ina lán grúpthaispeántais; in Aberystwyth agus san Hendriks Gallery i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1957 ina measc.

Bhí meas oifigiúil ar George agus ceapadh é mar bhall de bhord na Comhairle Ealaíon go dtí an bhliain 1974. Toghadh ina bhall den Royal Hibernian Academy an bhliain chéanna agus fuair sé bás i mBaile Átha Cliath an bhliain dar gcionn.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint