about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Colore

click to view fullsize

Téarma Iodáilise a chiallaíonn dath. I dteoiricí ealaíne an Renaissance cuireadh colore os comhair disegno. Bhí tús áite ag disegno áfach as siocair gur dúshraith na n-ealaíon a bhí ann. Bhain colore nó dath leis na céadfaí amháin agus ní leis an intleacht dá bhrí sin bhí sé sa dara háit.

Tagraíonn an téarma do thréithe traidisiúnta a cheanglaíodh le péintéireacht Scoil na Veinéise de chuid an séú céad déag, díreach mar a cleamhnaíodh disegno le scoil na Róimhe.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint