about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Comerford, John

click to view fullsize



John Comerford, (1770-1832)

An Péintéir mionphortáidí is fearr in Éirinn lena linn.

Rugadh John Comerford i gCill Chainnigh. Bhí spéis aige san ealaín óna óige agus chuir sé tús lena shaol sa phéintéireacht trí pictiúir i mbailiúchán an Marquis of Ormonde a chóipeáil. Oileadh go foirmeálta é san ealaín i scoileanna an Dublin Society School. Rith a chúrsa staidéir ansin ón mbliain 1789 go dtí an bhliain 1791. Chruthaigh sé go maith ina staidéir agus bhain duais sa bhliain 1790.

D’fhill John ar Chill Chainnigh agus chuaigh ag cleachtadh a cheirde mar phortráidí ansin agus i mBaile Átha Cliath. Portráidí in oladhath ar chanbhás a bhí á dhéanamh aige i dteannta mionphortráidí. Faightear tionchar an phéintéara Meiriceánach Gilbert Stuart (1755-1828) ar a shaothar sa tréimhse seo. Bhí seisean i mBaile Átha Cliath ón mbliain 1787 go dtí an bhliain 1793 tar éis dó seal fada a chaitheamh ag staidéar agus ag obair in Albain agus i Sasana.

Bhuail John leis an bpéintéir Sasanach George Chinnery (1774-1852) sa bhliain 1795 agus d’éirigh mór leis. Ghlac sé comhairle uaidh agus tháinig a shaothar faoina thionchar. Bhog John go Baile Atha Cliath sa bhliain 1802 ar chomhairle Chinnery. Rinne sé speisialtacht de mhionphortáidí ón tréimhse seo anall. D’éirigh go seoigh leis agus os é rud é go raibh sé stuama le hairgead chruinnigh sé slam, rud a rinne a chomhealaíontóirí iontas de.

Bhí pictiúir aige i dtaispeántais an Royal Academy thall i Londain sna blianta 1804 agus 1809. Bhí bua ar leith aige chun portráidí fir agus seanmhná a phéinteáil.

Chuir John go láidir i gcoinne an fheachtais chun acadamh a bhunú in Éirinn agus scríobh aighneacht chuig Sir Robert Peel, Ard-Rúnaí na hÉireann ag an am ag míniú a cháis. Níor éirigh lena aighneacht agus bronnadh cairt sa bhliain 1821.

Fuair John bás i mBaile Átha Cliath den Apaipléis. Tá a phortráid de Mrs. Dobbyn sa Ghailearaí Náisiúnta.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint