about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Comhramh

click to view fullsize

Tagraíonn comhramh san ailtireacht chlasaiceach nó nua-chlasaiceach de shamhail dealbhaithe i gcloch nó i gcré-umha d’airm, de bhrait agus de chathéide.

Comóradh ar bhua a bhí ann agus leagan buan den nós ag a bhí ag na Gréagaigh agus na Romhánaigh airm agus cathéidí a ghabhadh sa chogaíocht a chrochadh ar ghéaga chrann mar chomóradh ar an mbua. Chuiridís ar theampaill nó ar stuanna chaithréime iad ina dhiaidh sin i bpríomhchathair an chine cloíte go mór mór.

Anois cuimsíonn an téarma déantán ar bith a dhéantar mar chomóradh ar bhua ar bith i gcúrsaí spóirt nó eile. Is comhainm air trófaí.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint