about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Commedia

click to view fullsize



Fíoracha Commedia dell’Arte

Cleamairí na hIodáile nó seanleagan den Choiméide a bhí sa Commedia dell’Arte. Bhí na haisteoirí a ghlacadh páirt ann proifisiúnta agus iad ag imirt rólanna comhghnásacha ach ag an am céanna ag tabhairt a línte uathu óna seasamh nuair a d’fheil sin.

Baineadh feidhm as carachtair ón gCoiméide ar nós Harlequin agus Columbine i bpéintéireacht ón seú céad déag ar aghaidh agus i bpoirceallán agus troscán ón ochtú céad déag ar aghaidh.

Tháinig cuid mhaith de na fíoracha seo ó ghreanadóireachtaí Jaques Callot (1592-1635) agus a shaothar Varie figure gobbi agus Capricci di Varie Figure. Ba shaothraí ceannródaíoch é Callot i bhforbairt na greanadóireachta agus oileadh é san Iodáil sa cheard sin.

An Pictiúr: Greanadóireachtaí de bheirt ón Commedia dell’Arte ó láimh Jaques Callot (1592-1635)

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint