about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Compagnia di San Luca

click to view fullsize

Cuallacht Naomh Lúcáis, ceardchuallacht na bpéintéirí i gCathair Flórains na hIodáile. Bhí sé ar an gceardchuallacht phéintéirí ba mhó cáil agus bhí níos mó péintéirí tábhachtacha mar bhaill de ná de cheardchuallacht péintéirí ar bith eile.

Cuireadh tús leis na ceardchuallachtaí san aonú céad déag san Eoraip. Ligeadh péintéirí isteach sa bhliain 1314 A.D. i gCathair Flórains mar bhaill den Arte dei Medici e Speziali, ceardchuallacht na ndochtúirí agus na bpoitigéirí. Bhí seo amhlaidh toisc gur bhain na péintéirí feidhm as roinnt de na comhábhair chéanna leis na poitigéirí agus toisc go raibh Naomh Lúcás, a bhí ina dhochtúir agus ina phéintéir araon, ina naomhphátrún orthu uile. Bunaíodh sa bhliain 1378 roinn neamhspleách ar leith do na péintéirí, an Compagnia di San Luca.

Chláraigh Paolo Uccello (c.1396–1475) mar bhall ann sa bhliain 1414, Masaccio (Tommaso Cassai) sa bhliain 1424, agus Leonardo da Vinci sa bhliain 1472, an bhliain chéanna le Botticelli. Ón mbliain 1562 ar aghaidh bhí séipéal ar leith an Cappella della Compagnia di San Luca ag an Confraternita dei Pittori, an comhbhráithreachas a bhí ag an gceardchuallacht.

Ar ordaithe ó Cosimo I sa bhliain 1563 lonnaíodh acadamh an Accademia Delle Arti Del Disegno ina séipéal. Ó thaobh na ndealbhóirí in adhmad agus i gcloch de ba bhaill iad den Arte di Pietra e Legname, ceardchuallacht na n-oibrithe i gcloch agus i miotal in éineacht leis na siúinéirí. Ar an lámh eile dealbhóirí a bhíodh ag plé le teilgean cré-umha ba bhaill iad den Arte Della Seta, ceardchuallacht na bhfíodóirí síoda.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint