about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Compagnie des Indes

click to view fullsize

An macasamhail Francach d’East india Company Shasana. Comhlacht tráchtála a bhí ann a cuireadh ar bun sa bhliain 1664 faoi chairt ón rí Louis XIV agus a mhair go dtí 1769 nuair a cuireadh ar ceal é. Bunaíodh é chun dul ag trádáil leis an Oirthear.

Bhí a mhacasamhail de chomhluchtaí trádála san ísiltír (Oost Indishe Compagnie), sa Danmhairg agus sa tSualainn chomh maith mar bhí an-éileamh ar earraí de chuid na Síne agus brabús mór orthu dá réir.

Níor éirigh go hiontach leis an Compagnie des Indes ach rinne siad trádail leis an tSín agus leis an tSeapáin i réimse leathan earraí agus déantáin ealaíne. D’ainneoin sin nuair a luaitear a ainm i gcomhthéacs na n-ealaíon ach tagraíonn sé do ghréithe phoirceallán a rinneadh d’aon ghnó san Áis ar mhaithe lena ndíol ar mhargaí na hEorpa san ochtú céad déag, áit a raibh an-ráchairt orthu.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint