about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Company School

click to view fullsize

Is í an East India Company, comhlacht a bunaíodh faoi chairt ó Eibhlís I Shasana sa bhliain 1600 chun monaplacht na nOllainneach ar an dtrádáil i spíosraí ón Oirthear a bhriseadh agus a mhair go 1874 an Company atá i gceist. Bhris na hOllainigh orthu áfach sa bhliain 1623 agus thug siad a n-aire ar an India ar an Sín agus ar an Seapáin.

Bhí an-ráchairt san Eoraip ar phictiúir le téamaí ón Oirthear agus ba ghairid go raibh péintéirí i ngach cathair a bhí faoi smacht an East India Company, leithéid Bombay ag cruthú pictiúr ar an mórchóir don chomlacht lena ndíol ar mhargaí na hEorpa le linn an ochtú agus an naoú céad déag. Rinneadh saothair in uiscedhath nó i nguais agus bhí ceardanna na hIndia, féilte, líníochtaí luibheolaíochta agus éin agus ainmhithe mar théamaí acu iad uile i stíl na hEorpa a bheag nó a mhór.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint