about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Connor, Jerome

click to view fullsize



Jerome Connor, (1876-1943)

Dealbhóir a shamhlaítear le leachtanna chuimhneacháin i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le leacht comórtha an Lusitania i gCóbh go mór mór. Samhlaítear é chomh maith le bustaí beaga portráide.

Bhí Jerome Stanley Connor, chun a ainm iomlán a thabhairt dó, i dteannta Andrew O’Connor Sóisearach, (1874-1941) agus Augustus Saint Gaudens, (1848-1907) ar dhuine de thriúr dealbhóirí de bhunadh na hÉireann a oileadh thall i Stáit Aontaithe Mheiriceá ach a rinne leachtanna tábhachtacha abhus.

Rugadh in Abhann an Scáil i gCorca Dhuibhne é agus feirmeoir agus saor cloiche a bhí ina athair Patrick Connor. Dhíol a athair an fheirm agus d’imigh sa bhliain 1888 leis an teaghlach chuig Holyoke Massachusetts. Bhí Tim deartháir de chuid Jerome lonnaithe ar an mbaile sin cheana. Bhí a athair marbh taobh istigh de dhá bhliain ar an drochuair.

D’imigh Jerome chuig Nua Eabhrach agus rinne cineálacha éagsúla oibre. Fostaíodh é mar shnoíodóir cloiche agus mar oibrí teilgchéartan ar feadh dhá bhliain, postanna a bhí tábhachtacha dó ina ghníomhréim. Thug seo an deis dó bheith ag obair mar chúntóir ar roinnt leachtanna chuimhneacháin tábhachtacha cré-umha i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Chuaigh Jerome chun cónaí agus a bheith ag obair le gaibhneoireacht san Roycroft Institution sa bhliain 1899. Bhí an lárionad seo tionmnaithe d’idéil na hEalaíncheardaíochta agus lonnaithe in East Aurora i Nua Eabhrach. Elbert agus Alice Hubbard a bhí taobh thiar de agus marófaí iad san ionsaí ar an Lusitania sa bhliain 1915. Phós Jerome a bhean chéile Anne Donohue sa tréimhse seo.

Thosaigh Jerome ag feidhmiú as stuaim féin mar dhealbhóir agus bhí a chéad taispeántas aige sa bhliain 1900 san Pennsylvania Academy of Fine Arts. D’oscail sé stiúideo i Syracuse agus d’éirigh go maith leis. Fuair sé coimisiúin chun leachtanna cuimhneacháin poiblí a dhéanamh agus aithnítear ar a shaothar anáil Augustus Saint Gaudens, a rinne saothair den chineál céanna.

Rinne sé coimisiún mór sa bhliain 1912, leacht cuimhneacháin i gcuimhne ar Ardeaspag John Theodore Carroll C.Í (1735-1815) an chéad easpag Caitliceach i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus bunaitheoir Georgetown University, an scoil Chaitliceach is sine i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus bunaitheoir Ardeaglais Baltimore, an chéad ardeaglais Chaitliceach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Thug an National Committee of Irish in America coimisiún dó dealbh a dhéanamh de Robert Emmet i gcuimhne ar strachailt na hÉireann ar thóir na saoirse. Bronnadh an dealbh seo ar an Smithsonian i Washington DC agus nochtadh an dealbh sa bhliain 1917. Rinneadh Jerome ceithre theilgean den dealbh agus thóg muintir bhaile Emmetsburg in Iowa teilgean amháin. Bhronn Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá teilgean eile ar an nGailearaí Náisiúnta sa bhliain 1922 agus tá seo suite ar Fhaiche Stiabhna ón mbliain 1968. Tá teilgean eile i San Francisco. Nocht Éamonn de Valera an dealbh seo ar an bhfichiú lá de Mhí Iúil na bliana 1920 i Golden Gate Park.

Nochtadh Aingil an Bhláir Chatha leacht cuimhneacháin in ómós do bhanaltraí Chogadh Chathartha Mheiriceá óna láimh sa bhliain 1924.

Tugadh dhá choimisiún tábhachtacha do Jerome, cuimhneachán in ómós Elbert Hubbard ón Roycroft Institution agus cuimhneachán i gcuimhne ar an Lusitania. Chinn sé ar fhilleadh ar Éirinn sa bhliain 1925 agus na leachtanna a dhéanamh i stiúideo i mBaile Átha Cliath. Chríochnaigh sé an leacht i gcuimhne Elbert Hubbard sa bhliain 1929 agus nochtadh é in East Aurora sa bhliain 1930. Níor chríochnaigh sé féin an leacht cuimhneacháin don Lusitania riamh agus bhí ag obair air an chuid eile dá shaoil. Fíortha bheirt iascaire agus Aingeal na Síochána os a gcionn a bhí sa leacht cuimhneacháin seo. Theilg Jerome féin fíortha na n-iascairí ach níor críochnaíodh an leacht iomlán go dtí an bhliain 1968. Rinne Jerome busta cré-umha de George Russell sa bhliain 1926 agus rinne sé féin obair air ó thús deireadh – maítear go raibh sé seo ar an gcéad dealbh cré-umha riamh a rinneadh go hiomlán in Éirinn. D’ainneoin na n-ardscileanna a bhí aige bhí sé deacair ar Jerome coimisiúin a fháil agus íocaíocht chuí a fháil astu. I ngeall ar seo rinne sé níos mó píosaí beaga ná mar ghnách leis go dtí sin. Ghlac sé páirt ó am go chéile i dtaispeántais an Royal Hibernian Academy agus an Royal Academy i Londain.

Thosaigh sé a lán tionscnaimh ach ní raibh sé d’acmhainn aige, ceal airgid, iad a theilgean i gcré-umha. Bhí cuid den locht air féin nó bhí drochcháil air as bheith mall le coimisiúin. Ní scaoileadh sé saothar ar bith óna láimh go dtí go mbíodh sé lánsásta leis. Rinne sé go leor teilgin phlástair áfach agus teilgeadh i gcré-umha iad tar éis a bháis. Samplaí de seo is ea na saothair An Tírghráthóir (1929, An Gailearaí Náisiúnta) agus Leacht cuimhneacháin an Lusitania i gCóbh ar teilgeadh fíor an aingil chun an leacht a chríochnú sa bhliain 1968.

Reáchtáileadh taispeántas cuimhneacháin dá shaothar mar chuid den Irish Exhibition of Living Art na bliana 1943.

An Pictiúr: Jerome Connor Leacht cuimhneacháin an Lusitania i gCóbh

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint