about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Conor, William

click to view fullsize



William Conor, (1881–1968)

Portráidí agus péintéir bisiúil den Réalachas Sóisialta le dearcadh sona a shamhlaítear le radharcanna de shaol an lucht oibre sna Sé Chontae go mór mór. Rinne sé pictiúir de chailíní na muilte agus a gclann, saol na sráide i scuainí don phictiúrlann, oibrithe longchlóis, mórshiúlta den ord oráiste agus staidéir d'aghaidheanna na ndaoine.

Connor an leagan amach a bhí ar a shloinne i dtosach ach d'athraigh sé é go Conor níos faide anonn ina shaol. Rugadh i mBéal Feirste é agus mac oibrí de chuid na cathrach a bhí ann. Chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chathair dhúchais.

Aithníodh an talann a bhí ann nuair a bhí sé fós óg. D'fhreastail Conor ar an Belfast Government School of Art ón mbliain 1894 go dtí an bhliain 1904. Fostaíodh é ina dhiaidh sin mar phrintíseach dearthóir postaeir. D'fhoghlaim sé ceird na liotagrafaíochta mar chuid de seo, rud a d'fhág rian ar a shaothar i gcónaí agus as a d'fhorbair an luí a bhí aige le bheith ag obair le criáin. Chleacht sé oladhath agus uiscedhath chomh maith.

Thosaigh Conor ag obair mar dhearthóir nuair a bhí a phrintíseacht istigh agus mar phéintéir. D'fhorbair sé a stíl phearsanta agus a théamaí agus níor athraigh siad mórán sa chuid eile dá shaol.

Bhí a chéad taispeántas aige sa bhliain 1910. Bhí sé ina bhall den Belfast Art Society agus toghadh ar an gcoiste é sa bhliain 1913. Nuair a bhris an Cogadh Domhanda amach earcaíodh é mar ealaíontóir oifigiúil cogaidh de chuid na Breataine. Fuair sé comisiún chun saighdiúirí agus na hoibrithe sna monarchain armlóin a phéinteáil. Bhí sé báúil leis an Dílseachas agus dhíol sé cuid dá saothair cogaidh chun cabhrú le ciste ospidéil Óglaigh Uladh.

Ghlac sé páirt i dtaispeántas an Royal Hibernian Academy sa bhliain 1918. Rinneadh fo-bhall den acadamh é sa bhliain 1938 agus lánbhall sa bhliain 1946. Bhí ionadaíocht aige i dtaispeántais ansin gach bhliain go dtí an bhliain 1967. D'imigh Conor go Londain sa bhliain 1920 áit ar chuir sé aithne ar na healaíontóirí mór le rá ar nós John Lavery (1856-1941). Ghlac sé páirt i dtaispeántas na bliana 1921 de chuid an Royal Academy.

Fuair Conor coimisiún ón Rí Seoirse V chun Oscailt Phairlimint Thuaisceart Éireann i Halla na Cathrach i mBéal Feirste sa bhliain 1921 a phéinteáil tríd na teagmhálacha a rinne sé i Londain. Tá an pictiúr sin i Stormont anois.

Rinneadh an Ulster Academy of Arts den Belfast Art Society sa bhliain 1930, an cumann a raibh Conor ina bhall de ó mbliain 1910 ar aghaidh. Ceapadh mar acadúlach é san fhoras nua. Bronnadh ballraíocht sa Royal Institute of Oil Painters i Sasana air chomh maith.

Ceapadh don dara uair é ina ealaíontóir oifigiúil cogaidh don Dara Chogadh Domhanda. Bhain Conor stádas amach mar ealaíontóir a samhlaíodh leis an Stát ó thuaidh agus bronnadh an Order of the British Empire air sa bhliain 1952 mar chomhartha buíochais agus léifeadh Sir Terence O'Neill sliocht ón mBíobla ag a shochraid. Rinneadh uachtarán ar an Royal Ulster Academy de sa bhliain 1957 agus d'fhan sé sa phost sin go dtí an bhliain 1964. Fuair sé pinsean sibhialta ón stát sa bhliain 1959.

An Pictiúr: Fear na mBalún, William Conor

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint