about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Construzione Legittima

click to view fullsize

Téarma nua-aoiseach de chuid na hIodáile a thagraíonn do luathchóras peirspictíochta a ndéantar cur síos air sa tráchtas péintéireachta Della Pittura a scríobh Leonbattista Alberti (1404-72) c.1435 ach nach dtugann sé féin an t-ainm sin air. Bhí an córas peirspictíochta seo neamhchasta agus ní raibh ach aon phointe síothlaithe i gceist ann.

Rinne Alberti staidéar ar Vitruvius (fl. 45 R.Ch.) ailtire a scríobh an tráchtas De Re Architectura ina ndearna sé cur síos ar an ealaín chomh maith. Rinne Vitruvius cur síos ar chóras éigin peirspictíochta a bhí á chleachtadh i measc na Rómhánach. Chuaigh bunús an chórais seo siar go dtí Agatharchus péintéir de chuid Chathair na hAithine sa Ghréag. Bhí Agatharchus freagrach as roinnt fionnachtain thábhachtacha a dhéanamh i scáthú agus i bpeirspictíocht le linn an cúigiú céad R.Ch. Is cosúil go raibh seo agus forbairtí eile chuid Fillipo Brunelleschi (1377-1446) a linne féin mar bhunús do chóras construzione legittima ag Alberti.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint