about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Consulat

click to view fullsize

Tréimhse stíle nach raibh fadmharthanach in ealaíona agus i maisiúcháin na Fraince agus a thagann idir stíleanna an Directoire agus an Empire.

Tógann sé a ainm ón seal a bhí Napoleon ina consulat, consal, .i. an tréimhse 1799-1804. Rinneadh simpliú ar an stíl Nua-clasaiceach a bhí i réim go dtí sin agus tugadh an stíl Éatruscach air.

Bhí tionchar ag feachtais Napoleon san Éigipt ar an stíl chomh maith mar tógadh a lán déantáin ealaíne chuig Páras mar chreach agus tógadh aithris ar fhíortha Sean-Éigipteacha agus Gréagacha isteach sa stíl. Bhí ráchairt ar chloigne agus ar lapaí leon agus snascraicinn mahaigine. Tugadh an Retour d'Egypte ar an stíl mar gheall ar sin chomh maith.

Bhí an chuid eile den Mhór-Roinn taobh amuigh den Fhrainc faoi anáil na dtochailtí a bhí á dhéanamh ag an am ag Pompeii, Herculaneum agus Stabiae san Iodáil.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint