about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Contraposto

click to view fullsize

Tagraíonn an téarma contraposto do chineál staidiúir ina mbíonn meáchan na fíorach ar chos amháin. Bíonn an chos eile lúbtha beagáinín. Casann seo na cromáin agus na guaillí i gcoinne a chéile agus tugann beocht don dealbh nó don phictiúr. Bíonn an aghaidh ag féachaint i dtreo eile de ghnáth.

Bhí bunús an staidiúir seo in ealaín na Gréige agus baineadh feidhm as chomh luath le 460 R.Ch. sa dealbh Buachaill Kritos. Thug na hIodálaigh é faoi deara sna dealbha clasaiceacha agus thóg anonn é chun breis beochta a chur i bhfíoracha. Bhain Michelangelo Buonarotti (1475-1564) leas éifeachtach as, ach d’imigh ealaíontóirí Mainéaracha ina dhiaidh, leithéid Giambologna (1529-1608) agus Pellegrino Tibaldi (1527-96) chun aiféise leis agus is leo a shamhlaítear é anois go mór mór.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint