about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cooley, Thomas

click to view fullsize



Thomas Cooley, (1740-84)

Ailtire a bhí i dtús cadhanaíochta sa ghluaiseacht chun an Nua-chlasaiceas a chur i réim in ailtireacht phoiblí na coilíneachta Sasanaí in Éirinn ach gur tógadh a shaothar anonn ag ailtirí eile de dheasca a bháis anaibí.

Níl a lán dá shonraí ar eolas go cinnte. Is cosúil gur rugadh i Sasana é agus go raibh cúlra umhal aige. Síltear go ndeachaidh sé le siúinéireacht i dtosach agus go ndearna sé staidéar ar an ailtireacht taobh amuigh d’uaireanta oibre i Londain. Tuairimítear gur línítheoir a bhí ann ina dhiaidh sin fostaithe in oifigí an ailtire Robert Mylne (1733-1810).

Reáchtáileadh comórtas sa bhliain 1768 chun an Malartán Ríoga i mBaile Átha Cliath a dhearadh agus fuair Thomas an chéad áit ann as an duine agus trí scór a chuir isteach air. D’imigh an dara áit chuig James Gandon (1743-1824), Sasanach eile.

Tháinig Cooley anonn chun cónaithe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1775 agus ceapadh mar phríomhailtire é ar oibreacha poiblí. I measc na príomhfhoirgimh i mBaile Átha Cliath a dhear sé bhí Príosún an Gheata Nua sa bhliain 1773 (a leagadh go talamh sa bhliain 1893) agus Scoil na Mara agus an séipéal a ghabhann leis.

Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath dhear sé roinnt foirgnimh céimiúla in Ard Mhacha le cabhair óna dhalta Francis Johnston (1760-1829); Teach tuaithe Caledon sa bhliain 1779, Pálás Ardeaspag Eaglais na hÉireann (Halla an Bhaile anois), an Leabharlann Phoiblí agus an Scoil Ríoga. Dhear sé an teach tuaithe Mount Kennedy i gCo. Chill Mhanntáin chomh maith.

Thosaigh Thomas ag obair ar Oigig na dTaifead Poiblí agus ar Theach an Chustaim nua i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1781. Ní raibh na foirgnimh críochnaithe nuair a fuair Cooley bás sa bhliain 1784. Thóg James Gandon a phost agus a chúraim anonn. Iarradh air iad a athdhearadh agus a fhairsingiú. Choimeád sé a bhí tógtha ag Cooley agus rinne cuid d’fhoirgnimh níos mó iad.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint