about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Corcra

click to view fullsize

Samhlaíodh an dath corcra le cumacht, saibhreas, ríogacht agus dá bhrí sin le sofaisticiúlacht tráth dá raibh. Ní deacair a rá cén fáth. Baineadh na líocha chun an datha corcra a dhéanamh as cineálacha éagsúla sliogéisc den phór Murex sa Mheánmhuir. Saothraíodh seo i gCathair Tyre ar dtús timpeall ar an mbliain 1600 R.Ch. Bhí sé millteanach costasach na líocha a tháirgeadh agus dá bhrí sin bhí sé teoranta don uasalaicme amháin.

Ní bhfuarthas foinse saorga agus neamhchostasach chun datha corcra a dhéanamh go dtí an bhliain 1856 A.D. Samhlaítear an dath leis an homaighnéasachas chomh maith anois.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint