about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cornucopia

click to view fullsize

Cornucopia nó Corn na lánmhaireachta, corn a bhíonn ag cur thar maoil le bláthanna agus torthaí. Is móitif chlasaiceach é a athléiríonn Adharc Amalthea, an mhinseach a d’oil an dia Séas, nuair a bhí sé ina naíonán in uaimh Dictae sa Chréit. Mar ómós di cuireadh Amalthea sna réalta i riocht na réaltbhuíne Capricorn agus rinneadh cornucopia, corn na lánmhaireachta, de cheann dá hadharca a bhris di.

Samhlaíodh corn na lánmhaireachta lena lán de na déithe Clasaiceacha leithéid Séas agus Fortuna agus seasann sé don torthúlacht agus don lánmhaireacht. Bhí ráchairt air san ailtireacht Chlasaiceach agus Nua-Chlasaiceach mar mhóitíf ornáideach.

An Pictiúr: Dealbh de Ceres an bhandia Rómhánach agus í ag iompar Corn na Lámhaireachta agus maide stiúrtha loinge

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint