about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Corr Leice, Cloigeann

click to view fullsize



Cloigeann Chorr Leice

Cloch chultais ar a bhfuil trí aghaidh snoite air a thagann ó Chorr Leice i gCo. an Chábháin agus atá ar a chaomhnú anois san Iarsmalann Náisiunta.

Tá an saothar snoite as gaineamhchloch agus léirítear na ceannaithe ar na h-aghaidheanna ar bhealach simplithe agus éifeachtach. Tá poll gearrtha i lár ceann de na béil agus síltear feidhm aitheascail a bheith leis an gcloigeann dá bhrí sin.

Faightear cosúlachtaí idir an cloigeann agus samplaí ón Mhór-Roinn ach faightear cosúlachtaí eile leis an Éigipt. Síltear go mbaineann an cloigeann leis an dara céad R.Ch. agus an Tréimhse La Tène in Éirinn.

Tá cuas gearrtha i mbun na cloiche agus síltear go raibh sí ina seasamh ar mhullach galláin nó a leithéid. Tá an cloigeann 32 ceintiméadar ar airde.

An Pictiúr: Cloigeann Chorr Leice

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint