about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Coulisse

click to view fullsize

Gléas ceapacháin i bpéintéireacht tírdhreacha, chun éifeacht an doimhnis a chruthú.

Bhí a bhunús ar stáitse na hamharclainne agus tagraíonn sé do ball ingearacha ailtireachta nó crainn de ghnáth a chuirtear anuas ar a chéile sa tulionad ar thaobh amháin den phictiúr ionas go mbíonn feidhm fráma aige ar an amharc agus go dtreoraíonn sé an tsúil isteach sa phictiúr.

Is iad an coulisse agus an repoussoir an dá phríomhghléas a bhíodh ag péintéirí ar nós Claude Lorraine (1604-82) a bhíodh ag plé le tírdhreacha clasaiceacha nó idéalacha agus rinneadh aithris air.

Catagóir:Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint