about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Coulter, William Alexander

click to view fullsize



William Alexander Coulter (1849-1936)

Péintéir bisiúil mhuirdhreacha agus portráidí long a raibh a ghairmréim ar fad beagnach i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Phéinteáil sé os cionn trí mhíle pictiúir ar fad lena linn seo.

Captaen sa Gharda Cósta a bhí ina athair agus rugadh i nGleann Aireamh i gContae Aontroma é. Léirigh sé spéis sa líniú ó bhí sé an-óg. Ceanglaíodh é féin in aois a thrí bhliana déag dó ina phríntíseach mairnéalaigh agus d’imigh thar sáile. Chaith sé seacht mbliana i mbun na printíseachta seo agus thaistil cuid mhór den domhan. Bhí turasanna farraige fada ag an am sin agus chleacht William an líniú agus an phéintéireacht ar bord loinge chun an t-am a mheilt nuair nach raibh sé ar dualgas. Bhí sé féin-oilte. Bhí féith na péintéireachta ann agus bhain sé ardchumas amach.

Bhris sé a rúitín agus níorbh fhéidir leis leanúint ar aghaidh lena shlí bheatha mar mhairnéalach. In ionad sin fuair sé obair ar an mórthír mar dhéantóir seolta i San Francisco sa bhliain 1869. Lean sé lena spéis sa phéintéireacht agus d'éirigh seo níos tábhachtaí dó an t-am ar fad. Thosaigh sé ar a shaothar a thaispeáint go rialta leis an San Francisco Art Association.

D'imigh sé leis an bpéintéireacht d'aoncheird. Chaith William trí bhliana ar mhór-roinn na hEorpa agus fuair breis teagaisc sa mhuirphéintéireacht ó na péintéirí cáiliúla sa seánra sin: Vilhelm Knut Frederik Melbye (1824-82), Francois-etienne Musin (1820-88) agus David Jacob Jacobsen (1818-91). Níl sé soiléir ar thug sé cuairt ar Éirinn ag an tráth seo ach dhéanadh sé muirdhreacha agus radharcanna d’Éireann go measartha rialta.

Bhí gairmréim fhada aige a mhair cúig bhliana agus seasca. Bhí an ceithre scór slán aige nuair a thaispeáin sé a shaothar ina thaispeántas deireanach sa bhliain 1934. Bhí sé ina mhaisitheoir don nuachtán an San Francisco Call ón mbliain 1896 ar aghaidh agus é mar chúram aige líníocht in aghaidh an lae a sholáthar d’imeachtaí agus de scéalta nuachta thart ar an gcuan.

Bhí sé ar an láthair nuair a tharla crith talún agus an dóiteán San Francisco na bliana 1906. Bhain sé scáth fuinneoige anuas ó shiopa agus cionn is nach raibh canbhás soghluaiste aige, bhain feidhm as seo mar thaca do phictiúir den dóiteán. Ar an dóigh seo chruthaigh sé an pictiúr is cáiliúla dá chuid. Chuir an tubaiste deireadh leis an nuachtán ar a raibh sé ag obair.

Rinne sé foireann de mhúrphictiúir don Merchants Exchange Building i San Francisco chomh maith nuair a bhí an chathair á hatógáil agus cuireadh pictiúr de chuid foirne seo ar stampa poist sa bhliain 1923. Tug sé cuairt fhada ar Éirinn sa bhliain 1929 agus stop lena mhuintir. Phéinteáil sé go dtí an deireadh agus fuair bás ina theach féin i Sausalito i San Francisco.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint