about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Craig, James Humbert

click to view fullsize



James Humbert Craig (1878-1944)

Péintéir tírdhreacha a rugadh i mBéal Feirste ach a tógadh i mBaile Hóm, Co an Dúin. Mangaire tae a bhí ina athair ach Eilbhéiseach a bhí ina máthair a raibh baint fada ag a sinsir leis na healaíona.

Cuireadh scolaíocht air i scoil phríobháideach ach bhí spéis aige sa phéintéireacht i gcónaí. Thaispeánadh sé pictiúir in ngnólacht a athar agus é ina stócach ach taobh amuigh de thréimhse ghairid a chaith sé ar an Belfast School of Art ní bhfuair James aon oiliúint fhoirmeálta sa phéintéireacht.

Phéinteáil sé i ngar agus i gcéin agus rinne turasanna ag péinteáil ar an bhFrainc, ar an Spáinn agus ar an Eilbhéis. Is ar a phictiúir de radharcanna de Ghlinntí Aontroma, de Thír Chonaill agus de Chonamara is mó a bhíonn cuimhneamh air anois. Bhí teach aige i mBun Abhann Doinne i nGlinntí Aontroma. Bhí ráchairt ar a shaothar ar son postaeir agus feilirí. Chleacht sé stíl taitneamhach a bhí faoi anáil an Impriseanachais.

Chuir James aithne ar an bpéintéir agus múinteor ag an am; Padraic Woods (1893-1991) aimsear an Chéad Chogadh Domhanda agus mhair an cairdeas seo go bhfuair sé bás.

Thosaigh James ag taispeáint a shaothar leis an Royal Hibernian Academy den chéad uair sa bhliain 1915 agus toghadh mar fho-bhall den acadamh é sa bhliain 1925 agus mar bhall sa bhliain 1928. Lean sé leis an gceangal ar feadh a shaoil uile. Toghadh mar bhall den Ulster Academy of Arts é, acadamh a bunaíodh sa bhliain 1930. Rinneadh an Ulster Academy of Arts den Belfast Art Society.

Bhí a shaothar ar taispeáint i Londain in éineacht le saothar Paul Henry (1876-1959) san Fine Arts Society sa bhliain 1928. Thaispeáin sé leis an Royal Scottish Academy sa bhliain 1928 chomh maith agus leis an Royal Academy i Londain sna blianta 1935 agus 1937. Mhaisigh sé an leabhar le Richard Hayward In Praise of Ulster (Wm. Mullan & Son, Béal Feirste, 1928). Tá saothair óna láimh sa Ghailearaí Náisiúnta agus i Músaem Uladh.

An Pictiúr: J. Humbert Craig, Gar don Lionáin

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint