about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Crann na Beatha

click to view fullsize

Samhail de chrann mór rábach a bhí ar fáil i ngach cultúr ar domhain beagnach. Toisc go mbíonn fréamhacha crann san ithir agus a ngéaga san aer agus go mbíonn an stoc eatarthu is féidir a lán bríonna a fheiceáil sa chrann.

B’fhoinse bia, súlach, foscadh, connadh agus adhmad an crann. Dá bhrí sin is samhailchomhartha ar Dhia féin é an crann ina lán cultúr. Maireann sé i dtrí domhain ar leith dá bhrí sin seasann sé don chruinne, don bheatha agus don torthúlacht. Ceanglaíonn sé talamh agus neamh, dá bhrí sin seasann sé d’Íosa chomh maith a crochadh ar chrann.

Bhí a lán crann coisricthe sa chultúr Gaelach agus tá focal ar leith sa Ghaeilge againn dó cheann acu mar atá an 'bile'. Bhí ráchairt ar chrann na beatha mar mhóitíf sna lámhscríbhinní maisithe.

An Pictiúr: Rilíf de chuid chathair Ur na Measapatáime a bhfuil Crann na Beatha mar théama aige, a bhaineann leis an tréimhse timpeall ar 1,000 bliain roimh Chríost

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint