about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cregan, Martin

click to view fullsize



Martin Cregan, (1788-1870)

Péintéir rathúil portráidí.

Rugadh i gContae na Mí é. Ba dhílleachta é agus tógadh é ag teaghlach ar a raibh an sloinneadh Creggan agus ghlac sé féin an sloinne sin cé gur shimpligh sé é ar ball.

D’imigh sé ar aimsir i dteaghlach saibhir mhuintir Stíobhart i gCo. Thír Eoghain. D’aithin siadsan an cumas a bhí ann agus rinne urraíocht ar a oideachas. Chuir siad ar scoil an Dublin Society é agus chruthaigh sé go maith ansin agus bhuaigh sé dhá bhoinn ina sheal ansin, ceann sa bhliain 1806 agus ceann eile an bhliain dar gcionn. Chuir siad anonn go Londain é ina dhiaidh sin sa bhliain 1810 chun tuilleadh staidéir ar feadh dhá bhliain a dhéanamh faoi mhaoirseacht an phéintéara Martin Archer Shee (1769–1850).

D’fhan Martin Cregan ag obair i Londain ar feadh deich mbliain eile nuair a bhí a thréimhse oiliúna istigh. Thaispeáin sé pictiúir leis an Royal Academy agus leis an British Institution thall.

Bhronn an tArd-Leifteanant cairt ar scaifte d’ealaíontóirí abhus sa bhliain 1821 chun acadamh a bhunú. D’fhill Martin ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1822 agus thacaigh go fonnmhar leis an bhfiontar seo agus bhí ar chéadrúnaí an acadaimh ar tugadh an Royal Hibernian Academy air.

Bhí céad taispeántas an acadaimh sa bhliain 1826 agus idir sin agus an bhliain 1859 thaispeán Martin os cionn trí chéad pictiúr leis agus bhí gníomhréim iontach rathúil aige. Bhí sé ina uachtarán ar an acadamh ón mbliain 1832 go dtí an bhliain 1856. Thit cúrsaí an acadaimh in anchaoi agus mhol Martin agus Michael Angelo Hayes (1820-77) rún leasaithe ar an acadaimh sa bhliain 1858. Theip ar an rún agus d’éirigh idir Martin agus an coiste ionas gur éirigh sé as an acadmh ar fad.

Fuair Martin bás imBaile Átha Cliath agus tá sé curtha i Reilg Chnoc Iaróim.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint