about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cristo Morto

click to view fullsize

Críost marbh, téarma a thagraíonn do shamhail san íocónagrafaíocht Chríostaí de Chríost agus é marbh. Ní raibh sé de nós roimh thréimhse an Ghotachais Críost a léiriú mar mharbhán. A bhua ar an mbás ba chúram do shaothair ealaíne roimhe sin. Léiríodh Críost marbh ar an gcros ina dhiaidh sin agus tugadh an Christus Patiens ar an samhail sin ach taobh amuigh de sin is Críost marbh ag bun na Croise agus é á chaoineadh is mó a bhíonn mar théama i saothair ealaíne.

Eiseamláir de sin is ea an Il compianto su Cristo morto, caoineadh Críost mhairbh atá san Cappella degli Scrovegni i gcathair Padova. Giotto di Bondone (1266/67-1337) a chuir tús le réabhlóid sa phéintéireacht lena shaothar, a rinne an freascó idir na blianta 1303 agus 1306 A.D.

An Pictiúr: Giotto di Bondone (1266/67-1337), Il compianto su Cristo morto, caoineadh Críost mhairbh, Cappella degli Scrovegni, Padova.

Catagóir: Ealaíona agus Íocónagrafaíocht Chríostaí

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint