about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cros

click to view fullsize

Fíor geoiméadrach comhdhéanta d’ingearán agus de thrasnán a dhéanann dhá chuid de. Tagraíonn cros chomh maith do shamhailchomhartha comhdhéanta de stoc agus de thrasnán a sheasann don Chríostaíocht anois.

Téann a bunús mar shamhailchomhartha i bhfad níos sia siar ná an Chríostaíocht áfach. Tá sí ar cheann de na samhailchomharthaí is sine atá ar eolas. Faightear i dtosach í ar shéadchomharthaí a bhaineann leis an tréimhse mheigiliteach. Faightear í sa Sean-Éigipt, sa Sean-India, sna críocha Lochlannacha agus i sibhialtachtaí Réamhcholambasacha Mheiriceá agus in Éirinn. Faightear i dteannta an rotha í i dtosach agus is cosúil gur sheas sé don ghrian agus do na ceithre ráithe nó na ceithre hairde.

Bhí an chros measartha mall ag teacht chun cinn mar shamhailchomhartha Chríostaí agus bhí cúrsaíocht ag samhailchomharthaí eile ar nós an t-ancaire, an t-iasc agus an Chi-Rho roimhe. Tagann na samplaí is sine de chrosa ón Éigipt áit a raibh cros eile an ankh forleathan agus áit a raibh meas ar an gcros mar shamhailchomhartha cheana. Fuarthas busta cré bhruite in Faiyum a bhaineann le 280 A.D. ar láthair séipéil agus tá muince ar an muinéal le cros ar crochadh uaidh.

Tagann an chros chun cinn sa chuid eile d’Impireacht na Róimhe tar éis do Chonstaintín creideamh oifigiúil na hImpireachta a dhéanamh di tar éis 312 A.D.. D’fhionnaigh a mháthair Naomh Helena an fhíorchros in Iarúsailéim in 327 A.D. agus tosaíodh ar ómós poiblí a thabhairt dó, an Inventio Crucis ina dhiaidh sin.

Áirítear go bhfuil os cionn ceithre chéad leagan den chros Chríostaí ann, ardchrosa na hÉireann agus an Cros na Buaidhe ina measc.

An Pictiúr: An gnáthchros nó an Chros Laidiniúl

Catagóir: Íocónaghrafaíocht Chríostaí

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint