about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cros na Buaidhe

click to view fullsize

Crux Invicta, Cros Chríost mar chomhartha ar a bhua ar an mbás.

Tagraíonn an téarma féin do roinnt chrosa éagsúla. Ar an gcéad dul síos tagraíonn sé do chros bheag le cois fhada, níos faide ná fíor Chríost, a bhíonn á hiompar ag Críost i radharcanna éagsúla.

Ar an dara dul síos tagraíonn sé do shamhail den chros a fhaightear ar sarcafagais críostaí na Róimhe. Léirítear cros mhór sa talamh le samhailchomhartha an chi-rho ag a barr agus roinnt fíortha ag tabhairt ómós di de ghnáth.

Chomh maith leis sin tagraíonn sé do bhratach nó do mheirg le cros air a bhíonn á hiompar ag Críost, díreach tar éis a aiséirí go minic.

Catagóir: Íocónaghrafaíocht agus Ealaín Chríostaí

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint