about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Crowley, Nicholas Joseph

click to view fullsize



Nicholas Joseph Crowley (1819-57)

Péintéir seánra, portráidí agus dearthóir ghloine dhaite.

Ba mhac é Nicholas do Peter agus Elizabeth Crowley agus is i mBaile Átha Cliath a rugadh é. Cuireadh ar scoileanna an Dublin Society sa bhliain 1827 nuair nach raibh sé ach ocht mbliana d’aois. D'fhreastail sé ina dhiaidh sin sa bhliain 1832 ar scoil an Royal Hibernian Academy. Ghlac sé páirt i dtaispeántais an acadaimh le roinnt portráidí d’easpaig Chaitliceacha nuair a bhí sé fós ina dhalta sa scoil sa bhliain 1832 agus 1833. Lean sé den nós seo ar feadh a shaoil.

Ba Chaitliceach é Nicholas agus ritheadh an Catholic Emancipation Act sa bhliain 1829. Chruthaigh an saoirse nua seo foinse nua coimisiúin agus deiseanna d’ealaíontóirí agus fuair Nicholas coimisiúin do phortráidí nuair a bhí sé fós ar scoil.

Bhog sé go Béal Feirste sa bhliain 1835 agus phéinteáil portráidí ansin. Bhí sé ar dhuine le lucht bhunaithe an Belfast Association of Artists sa bhliain 1836 agus toghadh ina bhall den Royal Hibernian Academy é sa bhliain 1837. D’aistrigh sé go Londain an bhliain chéanna agus rinne cónaí ann go deireadh a shaoil cé gur thug sé go leor cuairteanna ar Bhaile Átha Cliath ag obair ar choimisiúin.

Thaispeáin sé a lán dá shaothar leis an British Institution ón mbliain 1839 ar aghaidh go bhfuair sé bás agus ina theannta sin leis an Royal Academy. Bhí téamaí maoithneacha nó liteartha ag a lán dá phictiúir seánra. Is é an pictiúr an tAisteoir Tyrone Power i ról Connor O’Gorman (1838) an saothar is mó cáil uaidh sa tréimhse seo.

D’iarr an chléir abhus air roinnt fuinneoga ghloine daite do shéipéil nua a dhearadh. Sampla maith de seo is ea na fuinneoga i mBaistealann Séipéal San Nioclás Myra i mBaile Átha Cliath a bhaineann leis an mbliain 1840. Ní raibh a phátrúin teoranta don chléir amháin. Rinne sé portráid Constantine Henry Phipps, 2ú hIarla Mulgrave agus 1ú Mharcas Normanby, Fear Ionad an Rí in Éirinn, atá sa Ghailearaí Náisiúnta anois. Tá phictiúr Cuireadh, Braiteoireacht agus Dul i luí (c. 1846), maille le roinnt portráidí óna láimh sa Ghailearaí Náisúnta chomh maith. Fuair sé bás thall i Londain.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint