about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cruan

click to view fullsize

Cruan Ábhar gloiní púdraithe a chuirtear trí cheanglóir ola. Déantar an cumasc a dhathú le ocsaídí miotalacha ar nós iad siúd de chuid ór, copar agus maignéisiam. Comhtháthaítear an cumasc le cúlra miotail de ghnáth ach comhtháthaítear é le gloine agus criadóireacht chomh maith. Bíonn teocht idir 750° agus 850°C ag teastáil chun é seo a dhéanamh.

Tá an-ráchairt ar chruan ón ársaíocht anall ar son na mbuanna follasacha a bhíonn aige. Is féidir leis bheith teimhneach nó trédhearcach, bíonn na dathanna ann láidir, buan. Ábhar crua buanfasach a bhíonn ann nach meathlaíonn go furasta. Ach oiread le gloine is féidir é a chnagadh mar scartar ón taca é.

De bharr na n-ilbhuanna seo ní íontas é go raibh ráchairt air measc na Sean-Éigiptigh, Sean-Ghréagaigh, Ceiltigh, Sínigh agus Rúisigh. Bhain Peadar Carl Fabergé leas suntasach as cruan ina chuid uibheacha maisithe sa nua-aois agus ba rogha taobhaithe an Art Nouveau é.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint