about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cruinnteach

click to view fullsize

An leagan Gaeilge do Rotunda na Laidine. Mar a thugann an t-ainm le fios is foirgneamh é an cruinnteach le bonnchló agus taobh istigh cruinn go h-áirithe nuair a bhíonn cruinneachán air. Is é an Painteoin sa Róimh an sampla is fearr ar chruinnteach agus d’fheidhmigh sé mar fréamhshamhail do chruinntithe eile.

Tugtar cruinnteach ar fhoirgneamh a mbíonn halla cruinn mar chuid lárnach d’ainneoin nach mbeadh seo le tabhairt faoi deara go hiomlán ar an taobh amuigh. Is é an cruinnteach nó Rotunda i gCathair Bhaile Átha Cliath an sampla is fearr aithne de chruinnteach dá leithéid in Éirinn.

An Pictiúr: Cruinnteach Ickworth in Suffilk Shasana. Saoithiúil go leor tá nasc Éireannach ag baint leis an gcruinnteach seo. Thóg Frederick Augustus Hervey (1730-1803), 4ú Iarla Briostó agus Easpag Dhoire de chuid Eaglais na hÉireann é idir na blianta 1796 agus 1803, bliain a bháis.

Catagóir: Téarmaí Ginearálta

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint