about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cuala Industries

click to view fullsize

Bhí deirfiúracha Jack B.Yeats (1871-1957), Elizabeth agus Lily (Susan Mary) Yeats ag obair ar bhróidnéireacht agus lámh-chlódóireacht mar chuid den Dun Emer Guild a bhí bunaithe ag Evelyn Gleeson. Ba í an Dun Emer Press a bhfiontar clódóireachta.

Chinn na deirfiúracha Yeats scaradh leo sa bhliain 1908 agus Cuala Industries a bhunú. Bhí an Cuala Press mar chuid de seo agus bhí W.B. Yeats ina eagarthóir air. Chabhraigh Jack. B. Yeats leo trí dearaí agus léaráidí leabhar a dhéanamh dóibh. Rinne Elizabeth cuid eile díobh agus fuair siad lionóilghearrthaí ó Dorothy Blackham (1896-1975).

D’fhoilsigh an preas saothar W.B. Yeats féin maille le saothar de chuid AE, J.M. Synge, John Masefield, Katherine Tynan agus Ezra Pound. Rinne Lily agus na ceardaithe saothair bhróidnéireachta in eineacht leis an bpreas.

Bhí an fiontar lonnaithe i dteach beag i mBaile an Teampaill i gContae Bhaile Átha Cliath ó 1908 i dtosach ach chríochnaigh ar Bhóthar Palmerston agus d’fhan ann ó 1942 go 1969. Thóg George Yeats bean chéile W.B. bainistíocht an tionscnaimh anonn sa bhliain 1940 tar éis d’Elizabeth bás a fháil. Tréithríonn samhla ón dúlra, tírdhreacha agus dualaíocht cheilteach agus samhailchomharthaí náisiúnta mar an tseamróg saothar na ceardlainne.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint