about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Cuming, William

click to view fullsize



William Cuming, (1769-1852)

Péintéir portráidí.

Rugadh William i mBaile Átha Cliath agus chuir sé spéis san ealaín go hóg. Oileadh san ealaín é i scoileanna an Dublin Society ón mbliain 1786 ar aghaidh. Chruthaigh sé go maith ansin agus bhuaigh bonn ar son na líníochta ann sa bhliain 1790.

Chuir William stiúideo ar bun tar éis na scoile a fhágáil agus portráidí is mó a bhí idir lámha aige cé go ndearna sé roinnt radharcanna clasaiceacha chomh maith. Fuair sé coimisiún ó Bhardas Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1792 chun portráid iarbháis an Ardmhéara Shankey a phéinteáil. Phéinteáil sé roinnt ardmhéaranna eile ina dhiaidh sin agus an Tiarna Charlemont chomh maith.

Is cosúil nach raibh aon taispeántas poiblí de phictiúir i mBaile Átha Cliath idir na blianta 1780 agus 1800. Bhí William Cuming ar dhuine de na péintéirí a bhunaigh The Society of the Artists of Ireland sa bhliain 1800 agus a chuir tús arís le taispeántais bhliantúla sa chathair. Thaispeáin sé a phortráid den phéintéara Vincent Waldrè (Gailearaí Náisiúnta) mar chuid den taispeántas seo. Bhí portráidí i dtaispeántais eile de chuid an Society of the Artists of Ireland aige go dtí gur scoilt sin sa bhliain 1812 idir an Irish Society of Artists agus an Society of Artists. Toghadh William ina uachtarán ar an Society of Artists cé gur scoireadh an cumann seo sa bhliain 1814.

D’fhág an péintéir Sasanach Tilly Kettle (1734-c. 86) portráid neamhchríochnaithe den ailtire James Gandon. Chríochnaigh William é sa bhliain 1800 chomh maith agus tá sé sa Ghailearaí Náisiúnta chomh maith.

Ghlac William le daltaí agus bhí Charles Cromwell Ingham (1796-1863) ar an duine is cáiliúla díobh seo. Bhí Charles Cromwell ag obair faoina mhaoirseacht ar feadh ceithre bhliana go dtí go ndeachaidh sé chuig Nua Eabhrach sa bhliain 1816.

Ceapadh William ina uachtarán ar Royal Hibernian Academy sa bhliain 1829. D’éirigh sé as an oifig seo agus as an bpéintéireacht sa bhliain 1832. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath fiche bliain ina dhiaidh sin.

Catagóir: Beathaisnéisí Éireannacha

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint