about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dachau, Scoil

click to view fullsize



Scoil Dachau

An Dachauer Malerschule, coilíneacht d’ealaíontóirí Gearmáineacha a bhunaigh an péintéir Adolf Hölzel (1853-1934 ) le cabhair óna chairde Arthur Langhammer (1854-1901) agus Ludwig Dil (1848-1940) sa bhliain 1897 i Neu-Dachau agus sa cheantar máguaird gar do Chathair München. D’fhás an choilíneacht go tapaidh agus mhair sí go dtí an bhliain 1946. Bhí an choilíneacht cleamhnaithe leis an bpéintéireacht tírdhreacha agus chleacht an chuid is mó de na healaíontóirí stíleanna a bhain leis an Rómánsachas, an Nádúrachas nó an tImpriseanachas. Bhain roinnt péintéirí trialacha as an téibíochas chomh maith. Áirítear saothar na coilíneachta i gcoitinne mar heimatkünst.

Buanaíodh scoil phríobháideach do mhná amháin i Neu-Dachau an chéad scoil dá leithéid riamh.

Tá stair suimiúil ag an mbaile atá suite ar bhruach na habhann Amper i ndúiche álainn a bhfúil cáil na síorbháistí air.

Chaith os cionn míle ealaíontóir cuid acu ó thar lear seal ag péinteáil i nDachau le linn saol na coilíneachta. I measc na n-ealaíontóirí bainteach leis bhí Bernhard Buttersack (1858-1925), Heinrich von Zügel (1850-1941), Robert von Haug (1857-1922), Otto Strützel (1855-1930) Lovis Corinth (1858-1925), Leopold von Kalckreuth (1855-1928), Eugen Kirchner (1865-1938), Ludwig von Herterich (1856-1932), Max Liebermann (1847-1935), Max Slevogt (1868-1932), Ignatius Taschner (1871-1913) agus Fritz von Uhde (1848-1911).

Bhí teagmháil maith idir an choilíneacht agus Adolf agus Eduard Schleich a bhí i gceannas ar scoil phéintéireacht tírdhreacha i München. D’imir an choilíneacht tionchar ar Sezession München trí Ludwig Dill a bhí ina uachtarán air. Bhí Emil Nolde (1867-1956) bainteach leis an gcoilíneacht chomh maith. Bunaíodh Künstlervereinigung ann sa bhliain 1927 ach bhí an choilíneacht faoi bhrú ó na Naitsithe a tháinig i gcumhacht sa bhliain 1933 agus a bhunaigh sluachampa géibhinn ar an mbaile an rud is mó a bhíonn in uachtar aigne nuair a luaitear ainm an bhaile anois. Tá na healaíona láidir sa cheantar fós.

Catagóir: Míndána

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint