about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Dadachas

click to view fullsize

Gluaiseacht agus fealsúnacht idirnáisúnta ealaíne a bhfuair is cosúil a hainm ón bhFraincis dada, capall maide, agus baisteadh í nuair a chuir lucht a bunaithe scian i bhfoclóir Fraincis/Geamáinis.

Chuir an Chéad Chogadh Domhanda alltacht ar a lán ealaíontóirí agus theith siad go tíortha neodracha. Chruinnigh a lán acu i gcathair Zürich san Eilbhéis agus thosaigh dada zürich ansin. Bhí an file Hugo Ball (1886-1927), an dealbhóir Jean (Hans) Arp (1886-1966), an scannánóir Hans Richter agus an file Tristan Tzara (1896-1963) lárnach ann.

Bhíodh Dada ag iarraidh bheith saighdeach agus scannalach d’aonghnó agus a bheith a léiriú cé chomh folamh agus a bhí saol a linne. Chuige sin bhain siad feidhm i gceapacháin as ábhair a mbíodh ar fáil in aice láimhe, ábhair a bhíodh caite i dtraipisí go minic - cnaipí, ticéid bus, giotaí de shreangáin, stiallacha stáin agus araile. Bhíodh an t-oideam “cruthú is ea an scrios” acu.

Bhí a gcur chuige an-chosúil leis é siúd de chuid na hEalaíona Scaipthe agus tá sé doiligh a rá nach raibh siad faoina dtionchar ón tús. “Ba mhian le Dada ráiméis neamhloighiciúil a chur in áit ráiméis loighiciúil mhuintir an lae inniu,” adúirt Gabrielle (Gaby) Buffet-Picabia (1881?-?) faoi.

Bhain an Dadachas Succès de scandale amach dó féin. Leath an ghluaiseacht isteach sa Ghearmáin ag deireadh an Chéad Chogadh Domhanda chuig cathracha Beirlín, Köln agus Hanover go mór mór agus chuig Páras.

I meas na nealaíontóirí Gearmáineacha a bhí páirteach ann bhí Raoul Hausmann (1886-1971), John Heartfield (Helmut Herzfelde) (1891-1968), Max Ernst (1891-1976), Kurt Schwitters (1887-1948), Otto Dix (1891-1969) agus George Grosz (1893-1959). Rinne siad a lán foilseachán ag leanúint le sampla Zürich ar nós Club Dada, Der Dada, Dada Almanach, Jedermann sein eigner Fussball ("Gach duine ina liathróid peile féin").

Forbairt neamhspleách a bhí in Dada Nua Eabhrach agus bhí Marcel Duchamp (1887-1968), Man Ray (1890-1976) agus Francis Picabia (1879-1953) lárnach dó. Ní raibh an fíoch céanna sa ghluaiseacht Meiriceánach.

Bhí Dada i bPáras gníomhach thart ar Tzara, Picabia agus André Breton (1896-1966) i dtosach ach tháinig Arp, Ernst, Duchamp agus Man Ray ar ball. Thosaigh Dada ag titim as a chéile mar ghluaiseacht i bPáras i dtosach le caismirtí idir na baill. Thiocfadh gluaiseacht eile, gluaiseacht níos dearfaí, an tOsréalachas as.

I measc na n-ealaíontóirí eile a bhí chun tosaigh sa Dadachas bhí W.C. Arensberg (1878-1954), Celine Arnauld (1885-1952), Arthur Cravan (1887-?), Vasilii Kandinsky (1866-1944), Walter Mehring (1896-1981) agus eile. Bhí tionchar ag an Dadachas ar a lán gluaiseachtaí a tháinig ina dhiaidh agus déantar go leor athbheochan uirthi.

Catagóir: Gluaiseachtaí agus Fealsunachtaí Ealaíne sa Nua-Aois

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint