about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Daguerreotype

click to view fullsize

An chéad phróiseas phraicticiúil fótagrafaíochta agus tráchtála a d’fhorbair an Francach Louis Jacques Mandé Daguerre (1787-1851). Cuireadh os comhair an phobail é sa bhliain 1839.

Ní raibh an próiseas cosúil leis an próiseas claonchló-dearbhchló, an calotype a cheap William Henry Fox Talbot (1800-1877). Ní raibh ach dearbhchló tógtha díreach ón ábhar i gceist gan dul trí chéim an chlaonchló. Bhí samhla droim ar ais dá bhrí sin. Bhí an t-íomhá ina dhearbhchló díreach ar leatháin snasta chopar airgeadta a bhíodh íograithe le h-iaidín nó le gal bhróimín. Réalaíodh an dearbhchló ina dhiaidh sin le gal mearcair, rud a bhí fíorchontúirteach don ghrianghrafadóir. Bhí torthaí na teicníocht buan agus tá siad ar marthain fós.

Scoitheadh é ag teicníochtaí eile tar éis 1865 agus d’imigh i léig cé go bhfuil athbheochan nua-aimseartha déanta air. D’fhógair Francis S. Beattie ó Bhéal Feirste sa bhliain 1839 sa Newsletter go ndearna sé grianghrafanna leis an Daguerreotype, an chéad duine in Éirinn chun é a dhéanamh b’fhéidir.

An Pictiúr: An Boulevard du Temple, Páras an chéad Daguerreotype a ghlac Louis Jacques Mandé Daguerre. Bhí an tsráid plódaithe le daoine agus le cóistí ag an am ach níor fhan siad socair go leor fada go leor chun iad a thaifeadadh, taobh amuigh den ghlantóir bróg agus a chustaiméar.

Catagóir: Stair na Fótagrafaíocht

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint