about
contact
 
le tacaíocht ó

Acmhainn Náisiúnta Ealaíne

Damh liag

click to view fullsize

Damh liag Eaglais nó seipéal Gaelach cloiche, murab ionann agus dairtheach, séipéal adhmaid, de chuid an luath-ré. Tá an Damh liag ceangailte le hainm Naomh Cianáin ó Daimhliag Chianáin i mBreagha.

Cianán, lá féile 29ú Samhain (nó 25ú Feabhra, Féilire Thamhlachta)
D’éag 489
Easpag agus manach
Bhí Cianán ar shliocht ríoga na Mumhan. Tugadh mar dhuine de leathchéad ghiall é don Rí Leogair ach saoradh é trí idirghuí an easpaig Ciarán. Rinne sé staidéar san Fhrainc faoi Naomh Máirtín Tours. Bhí aithne aige ar Naomh Pádraig agus chuir Pádraig amach mar easpag é. Bhunaigh Cianán mainistir Dhaimhliag, .i. Daimhliag Chianáin. Tá clú agus cáil air mar gurb eisean a thóg an chéad séipéal cloiche in Éirinn. Instear gur tógadh an séipéal as clocha a baineadh as altóir phágánach tar éis dó muintir an cheantair a iompú. Ciallaíonn Daimhliag (Caighdeán: damh liag ) teach cloiche.

Catagóir: Ealaíona in Éirinn

© Abhus.com 2005 Gach Ceart ar Cosaint